Skip to main content

Tá sé ráite ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus é faoi agallamh i scannán faisnéise nua, go bhfuil saineolaí ceaptha ag an Rialtas le scrúdú a dhéanamh ar an gcás go dtabharfaí pardúin iarbháis do na daoine a ciontaíodh san éagóir i ndúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882.

In agallamh d’fhadscannán nua faisnéise dar teideal Murdair Mhám Trasna, a choimisiúnaigh TG4, deir an tUachtarán Ó hUigínn go bhfuil sé “ag súil le tuairim an tsaineolaí” atá ceaptha ag an Rialtas leis an gcás a mheas agus ag súil freisin “le tuairim an Rialtais”.

“Ag an bpointe sin, beidh mé ag filleadh ar an méid is féidir liom a dhéanamh. Dá mba rud é go raibh sé ag brath orm féin, is cuma cén rud foirmeálta atá i gceist, táim sásta glacadh leis gur chóir aitheantas a thabhairt don rud [an éagóir] a tharla. I mo thuairimse, tá an mhoráltacht atá i gceist soiléir,” a deir an tUachtarán in Murdair Mhám Trasna.

Maraíodh cúigear de mhuintir Sheoighe go brúidiúil ina dteach cónaithe i Mám Trasna ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo in 1882. Ciontaíodh ochtar fear ón gceantar as na dúnmharuithe bunaithe ar thuairiscí ó bhrathadóirí agus ar fhianaise bhréige. Íocadh suimeanna móra airgid mar chúiteamh le finnéithe – £1,250 ar fad, nó €160,000 in airgead an lae inniu – ach níor cúisíodh riamh na daoine ba mhó a raibh baint acu leis an sléacht.

Aithnítear go forleathan go raibh cás Mhám Trasna ar cheann de na samplaí is measa riamh sa tír seo d’iomrall ceartais.

Trí Bhéarla a cuireadh ar a dtriail na fir a cúisíodh sa chás cé gur beag eolas a bhí ag a bhformhór ar an teanga sin ó tharla gur chainteoirí dúchais Gaeilge iad. Crochadh triúr acu agus gearradh príosún saoil ar an gcúigear eile; bhásaigh beirt acusan sa phríosún agus níor saoradh an triúr eile go dtí go raibh scór bliain caite i ngéibheann acu. Níor cúisíodh riamh an triúr fear ón gceantar céanna a phleanáil na dúnmharuithe agus a bhí páirteach iontu.

Diúltaíodh fiosrúchán poiblí a chur ar bun faoi chás Mhám Trasna agus bhí baint ag an diúltú sin le titim Rialtas Gladstone sa bhliain 1885.

Maidir leo siúd a ciontíodh i gcás Mhám Trasna tá an méid seo le rá ag an Uachtarán Ó hUigínn i Murdair Mhám Trasna:

“Gach rud a tharla ar leibhéal an Stáit bhí sé go dona. Bhí breabaireacht i gceist. Níor tugadh seans ceart do na daoine a bhí cúisithe iad féin a chosaint. Ní raibh atmaisféar na cothromaíochta ann agus ní raibh an chothromaíocht ann nuair a bhí tú ag caint faoin bpróiseas dlí ag an am,” a deir an tUachtarán.

Maidir le riar an dlí agus an chirt sa tréimhse inar tharla na dúnmharuithe, deir an tUachtarán gurbh é an dearcadh a bhí ag údaráis na Breataine faoi mhuintir na hÉireann ag an am ná nach raibh cothrom na Féinne ag dúl dóibh beag nó mór. “Cheap siad gur daoine ar leith iad seo nach raibh ar comhchéim le ‘gnáthdhaoine sibhialta’,” a deir an tUachtarán san fhadscannán faisnéise nua.

Dúirt léiritheoir an scannáin Ciarán Ó Cofaigh gur “dul chun cinn an-suntasach” é fógra an Uachtaráin go raibh saineolaí ceaptha le comhairle a chur ar an Rialtas agus ar an Uachtarán maidir le cás Mhám Trasna. “Bheadh sé ar fheabhas ar fad dá dtabharfaí pardún iarbháis anois dóibh siúd a ciontaíodh san éagóir 135 bliain ó shin. Más mall is mithid,” a dúirt sé.

I measc na ndaoine eile atá faoi agallamh sa scannán tá an Tiarna Alton as Learpholl Shasana, arbh as ceantar Mhám Trasna dá mháthair. Tharraing an Tiarna Alton agus an Tiarna Avebury aird ar an gcás an athuair sa bhliain 2011 agus iad ag iarraidh go n-aithneofaí gur éagóir a tharla. Deir an Tiarna Alton freisin nach bhféadfaí a rá gur cuireadh triail chothrom orthu siúd a ciontaíodh nuair nár thuig siad fiú teanga na cúirte, an Béarla.

“To have a fair trial you need to be able to understand the accusations that are being made against you. You need to be able to understand the evidence being given by your accusers. And you need to be able to understand the directions of the judge. And if you can’t understand any of these it makes it impossible to have a fair trial. And it was also, I think, demeaning of the Irish language.”

Deir Johnny Joyce, duine de shliocht an teaghlaigh a dúnmharóidh i Mám Trasna go maitheann sé é don bhuíon a rinne na dúnmharuithe ach gur mhaith leis go n-aithneofaí an t-iomrall ceartais a tharla dá bharr.

“I wish something could be done for Myles Joyce – his sentence should be commuted – the same with the other Joyces who served their sentences, 20 years hard labour.”

Deir Tomás Ó hÉanacháin, sin-sin-nia le duine de na fir a crochadh, go gcuireann an scéal “fearg” air.

“Cé go raibh a fhios ag na húdaráis nach raibh Maolra Seoighe ná a dheartháireacha páirteach sna dúnmharuithe lean siad ar aghaidh leis an gcrochadh agus leis an éagóir.”

An comhlacht teilifíse ROSG, atá lonnaithe sa Spidéal, Co na Gaillimhe a rinne an scannán, a choimisiúnaigh TG4 le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Taispeánfar/Taispeánadh an scannán den chéad uair anocht/aréir (3 Samhain) mar chuid d’Fhéile an Oireachtais i gCill Airne. Níl dáta craolta an tsaothair ar TG4 socraithe fós ach tá sé i gceist go mbeidh sé le feiceáil ar dtús ag féilte scannán sa tír seo agus thar lear sna míonna atá romhainn.

Colm Bairéad a stiúir Murdair Mhám Trasna agus Ciaran Ó Cofaigh agus Seán Ó Cuirreáin a léirigh é. Tá an scannán bunaithe ar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, leabhar faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna a d’fhoilsigh Cois Life anuraidh. Rinneadh an scannánaíocht ar láithreacha éagsúla i Mám Trasna agus i mBéal Átha na Muice (Contae Mhaigh Eo), i gConamara (Contae na Gaillimhe), i mBaile Átha Cliath agus i Londain.

Close Menu

About Galway City of Film

c/o Ardán,
CREW Hub,
Wellpark Road,
Galway, Ireland H91 8K85

T: +353(0)91770748
E: info@ardan.ie